Seanchas

Tá mé trí scór blianta i dTuaim má mhairim go dtín ficheadh lá ‘gEarrach (Feabhra). Tá m’fhear curthaí le seacht mbliana déag. Johnny Harlowe a bhí ar m’fhear. Déarfainn go bhfuil mé an céad anois. Nóra Bhreathnach a bhí orm shal dá pósadh mé. As Baile Láir, Buidheanach, i bhfoisgeacht míle go leith go Gleann na Mada mé. Deir siad gur Gleann na mBá Dhubha an t-ainm ceart. Feilméaraí a bhí in m’athair – séadh go deimhin agus bhí naoi n-acra dhéag aige idir Gleann na Mada agus Dún Mór, míle go leith síar ó Ghleann na Mada, ach d’éirigh siad bocht agus baineadh an tala’ dhó cé is móite go naoi n-acra agus chaill sé a shláinte.

D’éirigh siad bocht nuair a cailleadh mo mháthair. Thuas ag a’ bhfairrge i nGaillimh a cailleadh í. D’ime sí thathnóna de Domhnaigh, í héin agus tuille mrá a bhí ina cuideachta, i gcairt chapaill go Gaillimh ag a’ bhfairrge go bhfághadh sí sláinte agus ní rá sí uair a chloig ann nó gur chuir Dia fios uirthi. A muise, tá sin ceithre scór blianta ó shoin agus tuille. Sílim go rá mé timpeall agus sé bliana nuair a cailleadh mo mháthair agus tá m’athair curtha le trí scór blianta.

Ní rá aon tala’ go mo ceart héin agam. Le Mr McDonnell a bhí i nDún Mhór, leis a bhíodh muid ag íoc an cíos – punt a’ t-acra, cloisim m’athair á’ radh. Bhí mé pósta fé dhó. Pósadh mé thíos i nGleann na Mada agus pósadh mé annseo. Patch Ó Mainín a bhí ar a’ gcéad fhear. Nuair a cailleadh é sin séadh phós mé Johnny Harlowe. A’ déighleáil a bhíodh sé. Chruinnigheadh sé ragannaí agus buidéil agus dhíoladh sé cupáin agus saucers, – gréithí – sé is fearr a thuigfeas tú. Bhí asal agus cárr aige agus jennet amanntaí eile. Ní sa teach seo a bhí mé an t-am sin, ach bhí mé sa teach is foisge duit. Cheannaigh mé é ó mo chliamhain é – thug mé sé phunta dhéag air.

Bhíodh muid a ghoil thart ar fud na tíre agus faríor géar nach bhfuil muid i n-ann a ghoil ann indiú agus bhéadh fáilte romhainn. Theigheadh muid isteach ins na tighthí agus thugaidís ragannaí dhúinn ar na cupáin agus airgead freisin. Cuireadh sé ‘n bealaigh iad go Bleá Cliath – thagadh fear anuas ghá cheannacht – Jewman a bhí ann, ó dheamhan ‘ios agam c’én t-ainm a bhí air nó cé b’as é.

Tá mé chúig scór ón ficheadh lá g’Fhóghmhar. Bhíodh ceathrar againn ag obair ar a’ tala’, m’athair, beirt inghian, agus mac ag obair ar a’ tala’. Ní bhínn a’ ghoil ag na rástaí. Tá mé trí scór blianta annseo agus níor sheas mé ar an aonach í dTuaim ariamh, ná ar a’ margadh. Ní rá aon (Teach nuadh an teach a bhfuil sí ann anois) tóir agam ar aontaighe – ní rá an oiread sin go shlacht orm. D’fhan mé i gcomhnuidhe a’ cumhdach a’ tighe. Thíos tigh Mr Browne a bhíodh muid a’ fághail na gcupáin agus thuas tigh John Waldron. Bíonn an phian ins a’ gcloigeann (Chomh fhada bhí sí a’ caint liom bhí láimh leithe thiar ar chúl a cinn) agus thíos sa gcaol druim, i gcead duitse. Tá an aois an mhór. Nár chuala tú faoin “charity male (meal)” a bhí dhá roinnt fadó – smuaintighím ar sin go deimhin, ach ní bhfuair m’athair aon ghráinne dhó mar bhí naoí n-acra dhéag aige agus na seampainí (Champions – a variety of potatoes, evidently given out free as seed). Nuair a bhí siad a’ ghoil thart – fataí – ní bhfuair siad iad mar bhí gabhaltas mór aige. Séard a bhféadaim fhágáil ag muintir na tíre mo mhíle beannacht, bhí siad go maith dhom agus go cineálta. Bhíodh siad a’ thabhairt uibheacha agus min choirce dhom agus fataí, go dtugaidh Mac Dé a luach dóibh ins na Flathais.

Ní rá muid cruadh leofa agus ní rá siad cruadh linn. Ach dá m’beinn i dtús m’óige aríst sin é ‘n saoghal a b’aith liom a bheith ‘gam. Bhí spóirt agam a’ ghoil isteach ‘s na tighthe agus bhí spóirt acu orm. Thimpeall ‘s ceithre mhíle sa lá a rinne muid. A níor lorg sé dhom mórán a shiúbhal. Shiúbhaileadh sé héin ach chuireadh sé mise sa gcárr agus chuireadh sé cóir annsin orm, faitchíos go mbeadh trioblóid a’ bith orm.

Ní dheacha mé síos go Dún Mhór ariamh a’ déighleáil – bhí go leor go mo mhuintir héin thart annsin agus ní thiúbhrainn le rádh dhaobh é, ach thuas Cora Fine, agus go chuile thaobh eile dhá réir, ach ní dheacha mé go Dún Mhór. Ní theigheadh muid thar trí nó ceithre mhíle amach as Tuaim agus bhíodh muid a’ déana moil ins na tighthí. Bhíodh muid a dhíol cupáin agus saucers agus plátaí stáin, mugannaí agus jugannaí agus paidríní. Corr uair a bhínn a’ dhíol peictiúirí beannú, corr uair a gheofa iad sin. Ní dheacha mé ar scoil ariamh. Bhí ‘n scoil ‘uisgeacht leath mile dhom, má bhí tú ‘riamh thíos ar a gCaiseal. Well tá sé sin ocht mile síos as seo, ach bhí m’athair ‘na scoláire chomh bréagh agus d’fhéadfá fhágháil acht séard déaradh sé “céard a fuair mé dhá bhárr. Well bhí mé héin i n-ann scríobh agus léigheamh ach ní bhfuair mé tada go bhárr mo chuid sgolaidheacht”. Ach rinne sé scoláirí go mo dhrifiúr agus go mo dhritheair.

Well thíos i mBaile ‘n Daigheana (Ballindine) chua’ mé faoi láimh easpoic. Bhí mé a’ piocadh fataí agus péire troighthíní (evidently a sort of knitted gaiter) orm-  píosaí fleannín thart ar na cosaí – bhíodh siad ghá gcriteáil (cniotáil) ar shean daoiní a d’fheicfeá iad. Is iomdhaí bliain ó shoin sin anois agus sílim gur amach faoi Shamhain a bhí sé an lá a bhí ‘n t-easpoc cáilltí anseo i dTuaim, Dr. McHale. Muise bhí mé i mBéal Clár (Belclare) agus má bhíos fhéin mo mhíle beannacht acu agus tugann cuile cheann acu sin sé pingne dhom nuair a chastar ortha mé – tá ‘is (fhios) acu nach bhfuil aon slighe eile agam.

Collector: Ciarán Bairéad

Informant: Honor Harlowe

Source:  Manuscript 1350, Pages 155-160. Irish Folklore Main Manuscript Collection