Na Brídeoga

Níl mórán le scríobh agam fé na brídeoga san áit seo ach amháin go mbíonn na céadtha sgata díobh ag dul ó theach to teach lá na mbrídeog (31adh Eanbhair) ag iarraidh airgid ach bhéadh siad sásts le uibheacha dá mbéadh airgead gann i gcuid de na tighthe. Is cosamhail go mbíonn lá maith aca acht ní thaithnigheann siad liom cor ar bith mar cuireann siad obair na scoile bun os coinn ar feadh an lae ar fad. Ní tuisge go mbíonn sgata amháin imighthe as an scoil nó go mbíonn sgata eile istigh agam ag léimnigh agus ag damhsadh (mar eadh) ar fud na scoile.

Bíonn gléas ceoil – melodeon, nó, bheidhlín, nó, orgán béal aca agus níor airigh duine ceol níos fear ná ceol na mbrídeog (ní doigh liom) agus céard a dhéanann siad leis an airgead a bhailigheann said? Caitheann siad an cuid is mó de ins na tighthe ósta i nGleann na Madadh san oíche.

Bíonn siad gléasta go deas i ngach saghas ceirteacha agus cultacha giobálacha agus bíonn aghaidh fidil ar a n-éadáin. Níor chuala mé sgéalta fé na brídeoga ariamh agus sé mo thuairm nach bhfuil scéal den saghas sin beo timcheall na h-áite seo anois. Ní fhaca mé brídeog (babóg) dá h-iompar ag na brídeoga ariamh. Bí na cailíní amuigh leis na h-ógánaigh ins na brídeoga i mbliadhna. Ní fhaca mé féin iad acht dúbhradh liom go rabhadar. Ní hiongnadh liom go bhfuil cogadh ann.

Author: Seosamh Ó Deagha, Glenamaddy B.N.S.

Source: Folio No. 902, Page 155. Irish Folklore Main Manuscript Collection